Gaeilge | English |   
Inrochtaineacht | Beartas Príobháideachais | Séanadh | Mapa Láithreáin |   

Inrochtaineacht

 Forbhreathnú

Tagann Comhairle Baile Chathair na Mart faoi réir an Achta um Míchumas, 2005.

I dtreo is go gcloífear leis na caighdeáin seo, tá Comhairle Baile Chathair na Mart suite ar acmhainní na Comhairle atá ar líne a chur ar fáil ar an gcaoi is éasca teacht orthu agus is féidir. Bímid ag obair linn i gcónaí chun barr feabhais a chur ar inrochtaineacht ár suíomh idirlín.

Dearadh an láithreán de réir Threoirlínte Inrochtaineachta Ábhair ar an Idirlíon W3C WAI , agus comhlíonann sé formhór na bpríomhsheicphointí 1, 2 agus 3. Tá sé de sprioc againn WAI Leibhéal A a bhaint amach i gcás gach leathanaigh den suíomh idirlín. Déanfar WAI Leibhéal AA (A Dúbailte) agus AAA (A Triarach) a bhaint amach nuair is féidir, agus is é ‘A Dúbailte’ an bunchaighdeán atá uainn i dtaca le inrochtaineacht ar leathanaigh gréasáin.

Tá na gnéithe seo a leanas curtha ar fáil againn le go mbeidh an láithreán gréasáin níos éasca a thuiscint:

  • Stílbhileog Chascáideach (CSS) in úsáid chun smacht a choinneáil ar leagan amach na leathanach
  • Téacs curtha le gach íomhá
  • Marcáil áirithe bhreise curtha le táblaí sonraí agus le foirmeacha, rud a bheidh ina cuidiú le teicneolaíocht oiriúnaitheach ar nós léitheoirí scáileáin
  • Nasc scipeála nascleanúna curtha isteach chun ligint d’úsáideoirí lagamhairc bogadh thart ar an leathanach gréasáin gan stró.
  • Marcáil chuí déanta ar gach doiciméad.  Tá naisc chiallmhara leis agus struchtúr na gceannteideal mar is ceart.
  • Tá doiciméid curtha ar fáil i roinnt formáidí éagsúla nuair is féidir.

Má aimsíonn tú leathanach (nó leathanaigh) ar an suíomh idirlín seo atá deacair a úsáid, seol ríomhphost chugainn ag webmaster@mayococo.ie agus luaigh sonraí an leathanaigh agus an fhadhb nó na fadhbanna a raibh agat leis. Déanfaimid tréaniarracht an fhadhb a réiteach ionas go mbeidh rochtain níos fearr agat ar an suíomh idirlín.

Ar deireadh, foilsítear an t-ábhar úr ar an suíomh i bhfoirm inrochtana HTML nuair is féidir.

Deachrachtaí Inrochtaineachta atá ar Eolas Againn

Faraor ní raibheamar in ann inrochtaineacht a shocrú don suíomh gréasáin ar fad de bharr laincisí ama agus costais. Is iad roinnt de na deacrachtaí leis an suíomh a bhfuilimid ar an eolas fúthu:

  • Cóipeanna scanta de cháipéisí, i bhfoim PDF den chuid is mó.
  • Cáipéisí atá ar fáil i bhfoirm neamh-inrochtana MS Word nó PDF amháin.
  • Eolas léarscáil-bhunaithe
  • Roinnt leathanach a bhfuil XHTML neamhbhailí ann.
  • Fearainn riachtanacha mheiteashonraí ar lár (m.sh. teanga, cur síos agus eochairfhocail)

Má theastaíonn cabhair uait le haon cheann de na cáipéisí thuasluaithe, déan teagmháil linn.

Nóta maidir le cáipéisí PDF agus Microsoft Word

Baintear úsáid as teicneolaíocht W3C (Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda) ar an suíomh idirlín a fhad agus is féidir. Tá roinnt cáipéisí áfach atá i bhFormáid Doiciméad Iniompartha (PDF) agus/nó i bhfoirm Microsoft Word i gcónaí.

Cé go bhfuil iarracht déanta againn leaganacha malartacha inrochtana de na cáipeisí seo a chur ar fáil, d’fhéadfadh sé go bhfuil roinnt doiciméad ar an suíomh atá ar fáil sna formáidí seo amháin, ar mhór bogearra Adobe Acrobat Reader a íoslódáil agus a shúiteáil lena léamh. Mura bhfuil tú in ann teacht ar eolas atá i bhformáid PDF nó Word, seol ríomhphost chuig webmaster@mayococo.ie nó cuir glaoch orainn ar (094) 90 24444.

Ba mhór againn d'Aiseolas

 Dá mba mhian leat aiseolas a thabhairt dúinn ar staid inrochtainechta an tsuímh seo nó aon suímh eile de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo, seol ríomhphost chuig an stiúrthóir Gréasáin.

 

 

Westport logo.
 
Entente Florale logo.
 
Chamber of Commerce Logo.
 
Westport Smarter Travel Logo.