Gaeilge | English |   
Inrochtaineacht | Beartas Príobháideachais | Séanadh | Mapa Láithreáin |   

Beartas Príobháideachais - nuashonraithe 8 Aibreán 2010

Suíomh Gréasáin Chomhairle Baile Chathair na Mart

Is mian le Comhairle Baile Chathair na Mart ár gceangaltas daingean a chur in iúl maidir le do phríobháideacht sa ráiteas príobháideachta seo. Trí chuairt a thabhairt ar westporttc.ie, glacann tú leis na cleachtais atá leagtha amach san Fhógra Príobháideachais seo.  

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachta i dtaca leis an láithreán Gréasáin seo. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachta láithreáin Ghréasáin eile. Taispeántar aon nasc seachtrach ó láithreáin Ghréasáin eile go soiléir.  Tugtar míniú ar roinnt de na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh.

Ráiteas Ginearálta

 Glacann Comhairle Baile Chathair na Mart go hiomlán le do cheart chun príobháideachta agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis fút ar an láithreán Gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil go deonach do láithreán Gréasáin Chomhairle Baile Chathair na Mart, déanfar í a láimhseáil ag úsáid dianchaighdeáin slándála agus rúndachta, de réir na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Cén Fhaisnéis faoi Chustaiméirí a Bhailíonn Comhairle Baile Chathair na Mart?

 Cuidíonn an fhaisnéis a thugann ár gcustaiméirí dúinn cur leis an leas a bhaineann tú as westporttc.ie trí chuma níos pearsanta a chur air agus an tréimhse a chaitear ar líne a fheabhsú. Is iad seo a leanas na cineálacha faisnéise a bhailímid:

Faisnéis a Thugann Tú Dúinn:

 Faighimid aon fhaisnéis a chuireann tú ar ár láithreán Gréasáin nó ar aon bhealach eile agus déanaimid í a stóráil. Is féidir leat roghnú gan faisnéis áirithe a sholáthar dúinn ach is féidir nach mbeifeá ábalta leas a bhaint as go leor de na gnéithe atá curtha ar fáil againn dá bharr. Úsáidimid an fhaisnéis a thugann tú dúinn chun críocha den chineál seo: freagra a thabhairt ar d’iarrataí, ár seirbhísí ar líne a chur in oiriúint duit, ár seirbhísí ar líne a fheabhsú, agus teagmháil a dhéanamh leat.

 Sa chás go dtugann úsáideoir faisnéis phearsanta go deonach, úsáidfear na sonraí ar mhaithe le hanailís, taighde nó seirbhísí do chustaiméirí agus sin amháin.  Coinneofar aon sonraí a sholáthraíonn tú dúinn de réir na bprionsabal maidir le cosaint sonraí a leagadh amach san Acht um Chosaint Sonraí (Leasú), 2003, san Acht um Chosaint Sonraí, 1988, san Acht um Thráchtáil Leictreonach, 2000, agus i reachtaíocht iomchuí eile san AE agus in Éirinn.

 Sa chás go mbainimid leas as liosta seoltaí chun eolas a chur chugat i dtaobh do chunta(i)s nó chun ár seirbhísí ar líne a chur chun cinn, beidh bealach soiléir ann i gcónaí go mbeidh tú in ann d’ainm a bhaint den liosta i gcomhair seoltaí as sin amach.

 Ní choinnímid aon taifead ar uimhir do chárta chreidmheasa ná do chárta Laser. Aistrítear aon sonraí i leith do chárta chreidmheasa nó do chárta Laser díreach ó do ríomhaire féin chuig freastalaí ár gcomhpháirtithe seirbhíse cárta thar nasc criptithe slán. Is iad na comhpháirtithe seirbhíse cárta atá againn ná an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (an Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil (BSRRA) tráth), agus RealEx.

 Dearbhaíonn Comhairle Baile Chathair na Mart go gcoinnítear céannacht na ndaoine ar fad a dhéanann teagmháil linn tríd an láithreán Gréasáin seo faoi rún:  ní dhéanaimid liostaí seoltaí a ligean amach ar cíos, a dhíol nó a mhalartú ná ní thaispeánaimid eolas den chineál sin do thríú páirtí ar aon bhealach eile, ach amháin de réir mar a cheanglóidh an dlí, nó trí chomhoibriú deonach i gcomhar le húdaráis forfheidhmithe dlí sa chás go measaimid go bhfuil gá lena leithéid de chomhoibriú chun dul i ngleic le calaois nó coir eile.

Faisnéis Uathoibríoch:

 Ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn tríd an nGréasán a bhrabhsáil go ginearálta, cé gur féidir linn staitisticí logála áirithe a fháil ón láithreán Gréasáin.  Bailímid cineálacha áirithe eolais, mar a dhéanann go leor láithreáin Gréasáin, mar shampla, nuair a théann do bhrabhsálaí Gréasáin chomh fada le westporttc.ie (bogearra a ligeann duit leathanaigh idirlín a léamh. Samplaí: Microsoft Internet Explorer, Netscape, Opera, Mozilla srl).  Féach na samplaí thíos.

Ina theannta sin, úsáidimid fianáin chun sábháilteacht do shonraí cuntais sa réimse ePayments a chinntiú trí chosc a chur ar fhuadach d'aitheantas idirlín (féach thíos i gcomhair tuilleadh eolair ar fhianáin). Is é píosa cóid an t-aon bhlúirín eolais a choinnítear ar an bhfianán agus ní féidir ach an freastalaí seo againne an píosa cóid sin a úsaid le linn duit a bheith ar an suíomh chun d’aitheantas idirlín a chinntiú.  Cliseann ar an bhfianán i ndiaidh don úsáideoir logáil amach nó i ndiaidh 20nóiméad neamhghníomhaíochta ar an suíomh seo againne.

Samplaí d’fhaisnéis a bailíodh:

  • Seoladh Prótacal Idirlín (IP) a úsáidtear le do ríomhaire a cheangal leis an idirlíon (192.168.88.21 mar shampla )
  •  Logáil isteach – má bhaintear leas as na seirbhísí cuntais seo againn

  • Seoladh ríomhphoist—má sheolann tú ríomhphost chuig aon cheann dár seoltaí ríomhphoist poiblí

  • Eolas maidir leis an ríomhaire agus an ceangal ar nós cineál agus leagan an bhrabhsálaí, an córas oibríochta, an t-ardán, an url tagartha agus na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu

Ní dhéanfaidh Comhairle Baile Chathair na Mart aon iarracht ar chuairteoirí aonair a aithint, ná na mionsonraí teicniúla atá liostaithe thuas a lua le duine aonair, seachas i gcásanna inar tharla gníomhaíocht choiriúil (is é sin, mar fhreagairt ar eachtra “bradaíola”). Tá sé mar pholasaí ag Comhairle Baile Chathair na Mart gan faisnéis theicniúil dá leithéid i leith cuairteoirí aonair chuig an láithreán Gréasáin a nochtadh go deo do thríú páirtí (seachas comhlachtaí forfheidhmithe dlí agus é sin mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha ar nós “bradaíola”) agus sa chás sin amháin; agus seachas ár soláthraí seirbhísí idirlín freisin, a dhéanann taifead ar shonraí dá leithéid ar ár son agus atá faoi cheangal na bhforálacha rúndachta maidir leis sin), ach amháin má chaithfear faisnéis dá leithéid a nochtadh de réir dlí. Is í Comhairle Baile Chathair na Mart amháin a úsáidfidh an fhaisnéis theicniúil, agus is do chríocha staitistiúla agus riaracháin amháin a úsáidfear í. Tabhair ar aird nach ionann na sonraí teicniúla, nach féidir linn a lua le duine atá inaitheanta, agus “sonraí pearsanta” do chuspóirí na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

Fianáin

 Aitheantóirí alfa-uimhriúla is ea fianáin a aistrímid chuig tiomántán crua do ríomhaire trí do bhrabhsálaí gréasáin ionas gur féidir leis an gcóras seo againne do bhrabhsálaí a aithint agus go gcoinnítear slán thú le linn duit eolas ar do chuntas ePayment a fháil.

Is féidir eolas a fháil ar an gcaoi le cosc a chur ar fhianáin nua sa rannóg cabhrach de do chuid brabhsálaí, nó ar an gcaoi le do bhrabhsálaí a shocrú go gcuireann sé ar an eolas thú nuair a ghlactar le fianán nua, nó ar an gcaoi le fianáin a dhíchumasú go hiomlán. Ligeann fianáin duit, áfach, leas iomlán a bhaint as roinnt de na gnéithe cuntasbhunaithe de Westporttc.ie, agus molaimid gan iad a dhíchumasú dá bhrí sin.

Fianáin chun sábháilteacht do shonraí cuntais sa réimse ePayments a chinntiú trí chosc a chur ar fhuadach d'aitheantas idirlín. Is é píosa cóid an t-aon bhlúirín eolais a choinnítear ar an bhfianán agus ní féidir ach an freastalaí seo againne an píosa cóid sin a úsaid le linn duit a bheith ar an suíomh chun d’aitheantas idirlín a chinntiú.  Cliseann ar an bhfianán i ndiaidh don úsáideoir logáil amach nó i ndiaidh 20nóiméad neamhghníomhaíochta ar an suíomh seo againne.

Tá fianáin in úsáid againn sa réimse eolas pleanála ar líne chun deis a thabhairt do dhaoine a úsáideann an tseirbhís seo níos mó ná uair amháin ligean don chóras cuimhneamh ar a n-ainm agus seoladh ríomhphoist nuair a fhilltear ar leathanach na gcáipéisí. Cuireann an leathanach seo in iúl go soiléir don úsáideoir go gcruthófar fianán agus tugann sé an deis dóibh diúltiú d'fhianáin.  Úsáidtear na fianáin seo chun an dearbhú ar líne a éascú agus ní úsáideann an suíomh gréasáin iad chuig aon chuspóir eile.

An nDéanann westporttc.ie an Fhaisnéis a Fhaightear a roinnt?

 Go hannamh.  Sna cásanna ina mbeidh ceanglas reachtúil orainn faisnéis a roinnt le gníomhaireacht de chuid an rialtais nó le húdarás áitiúil eile nó go gcaithfear faisnéis maidir leat a roinnt le gníomhaireacht eile chun ceist custaiméara a fhreagairt, déanfar an méid is lú faisnéise a mbeidh gá leis a roinnt i mbealach cuí.  Go ginearálta, roinntear faisnéis le gníomhaireachtaí eile mar sonraí comhiomlána seachas mar phíosa faisnéise áirithe.

Is féidir go ndéanfaimid faisnéis uathoibríoch (féach thuas) a scaoileadh mar aon le faisnéis eile a fuarthas ar an láithreán Gréasáin chuig cuideachtaí agus eagraíochtaí chun cosaint a fháil ar chalaois agus an riosca maidir le creidmheas a mhaolú.  Ní dhéanfar ach an fhaisnéis den chineál sin a bhaineann le húsáideoirí a bhfuil damáiste déanta acu nó a d’fhéach le damáiste a dhéanamh do ballinatc.ie.  Ní roinnfear faisnéis den chineál sin ach amháin mar thoradh ar ionsaí “bradaíola”, calaoise nó gníomhaíochtaí mídhleathacha eile.

Gníomhaireachtaí

 Ní roinneann Comhairle Baile Chathair na Mart eolas faoi láthair le gníomhaireachtaí seachtracha cé is moite de Rannóg TF Chomhairle Contae Mhaigh eo. Má dhéantar amach anseo é, déanfar cinnte go roinnfear mar chomhbhailiúchán é agus ar chaoi nach gcuirfear do phríobháideachas pearsanta i mbaol.

Cé chomh slán is atá an fhaisnéis?

Ní bhailímid sonraí cártaí creidmheasa ná modhanna eile íocaíochta tríd an suíomh gréasáin seo. Cuirtear na hidirbhearta uile i gcrích trí inneall próiseála íocaíochtaí ar líne an Bhoird Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil (BSRRA)/Real Ex, chun barr sábháilteachta i leith do shonraí cuntais a chinntiú.

Tá sé tábhachtach go gcaitheann tú aird ar do ríomhaire agus d'fhocal faire a chosaint ó úsáid neamhcheadaithe. Bí cinnte go logálann tú amach nuair atá tú críochnaith le huirlís breathnaithe ar chuntas ePayments, agus go logálann tú amach ón ríomhaire más ríomhaire roinnte atá á úsáid agat.

Cén t-eolas atá ar fáil ar líne?

Cuirfidh westporttc.ie agus na suíomhanna gréasáin eile de chuid na comhairle a mhéid eolais phoiblí agus is féidir ar fáil ar líne chun follasacht na heagraíochta a fheabhsú.

Is féidir leat sonraí do chuntais mar aon le sonraí Fíneálacha Bruscair agus Madraí a fheiceáil chomh maith, a fhad is atá tú in ann an fhaisnéis a lorgaítear uait a sholáthar. Déantar amhlaidh ar chun rúndacht a chinntiú. Tá sé i gceist againn amach anseo córas a shocrú go mbeifear in ann iarratais ar phoist a dhéanamh ar líne, agus beidh siad seo ar fáil don iarratasóir amháin ar bhonn 'cuntais'.

Naisc le Láithreáin Ghréasáin Eile

D’fhéadfadh go mbeadh naisc ar fáil ar castlebartc.ie  chuig ábhar de chuid údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí rialtais, cuideachtaí, eagraíochtaí, srl ar mhaithe lena chur ar chumas ár n-úsáideoirí teacht ar níos mó eolais go héasca. Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais príobháideachta láithreáin Ghréasáin eile. Taispeántar aon nasc seachtrach chuig láithreáin Ghréasáin eile go soiléir. Cuirimid naisc ar fáil chuig láithreáin Ghréasáin eile a thugann eolas a bhaineann le daoine a bhfuil cónaí orthu i gContae Mhaigh Eo agus chuig láithreáin Ghréasáin a mheasaimid a bheadh spéisiúil agus ina chuidiú do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar Chontae Mhaigh Eo.  Ní thugann Comhairle Baile Chathair na Mart aon ghealltanas ná moladh maidir le caighdeán na seirbhísí a chuireann na grúpaí ar leo na láithreáin Ghréasáin sin ar fáil.

Gluais de Théarmaí Teicniúla a Úsáideadh

Brabhsálaí Gréasáin

 Seo an bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh Gréasáin a léamh. Samplaí: Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP

 Seo mionsonraí aitheantais do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta idirlín), tugtha i gcód "prótacal Idirlín" (192.168.72.34 mar shampla). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an nGréasán, cé gur féidir nach mbeadh a seoladh mar an gcéanna gach uair a dhéantar ceangal leis. 

Fianáin

Féach thuas

Séanadh

 Lean an nasc chuig an Séanadh Iomlán

 Ní bheidh Comhairle Baile Chathair na Mart, Comhairle Contae Mhaigh Eo, a comhairleoirí, a stiúrthóirí, a fostaithe, a seirbhísigh nó a gníomhairí, lucht cleamhnaithe nó ionadaithe eile, agus a máthair-chuideachtaí agus a fochuideachtaí faoi seach, faoi dhliteanas ar bith i leith aon éilimh, éigeandála, iarrata, cúis chaingne, damáistí, caillteanais, caiteachais, lena n-áirítear gan teorainn, costais agus táillí dlí réasúnta na n-imeachtaí a éireoidh as nó i dtaca le húsáid agus/nó leathadh faisnéise pearsanta a bhaineann leatsa faoi réir ag an bpolasaí príobháideachta seo agus cead a bheith tugtha agat.

Tabhair ar aird sa chás go leanann tú nasc chuig láithreáin Ghréasáin eile ó ballinatc.ie nach bhfuil aon smacht ag Comhairle Baile Chathair na Mart ar an láithreán Gréasáin sin. Níl Comhairle Baile Chathair na Mart freagrach as cleachtais príobháideachta láithreáin Ghréasáin eile.

Leasuithe

 Forchoimeádann Comhairle Baile Chathair na Mart aige féin an ceart dá rogha féin an ráiteas príobháideachta seo a leasú cibé am is mian léi, agus ba chóir duitse an ráiteas príobháideachais seo a sheiceáil go rialta le haghaidh leasuithe.


Stiúrthóir Gréasáin

webmaster@mayococo.ie
Rannóg TF
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
Teil: 094 90 24444

Westport logo.
 
Entente Florale logo.
 
Chamber of Commerce Logo.
 
Westport Smarter Travel Logo.