Cathair na Mart ar an ngearrliosta do chomórtas na Limistéar Taistil Chliste(Nuacht is Déanaí)
D’fhógair an Oifig Náisiúnta Taistil Inbhuanaithe torthaí chéim a haon de chomórtas na Limistéar Taistil Chliste i mí na Nollag 2009. Bhí Cathair na Mart i measc an 11 baile ar an ngearrliosta, a bhfaighidh síolmhaoiniú anois i gcomhair chéim a dó den chomórtas. Ar an ngearrliosta leis tá cathair Chorcaí, Droimneach (Baile Átha Cliath), Dún Dealgan, Dún Garbháin, cathair agus contae na Gaillimhe, Cill Chainnigh, cathair agus contae Luimnigh, Baile Locha Riach, an Uaimh, agus Áth an Ghainimh agus an ceantar máguaird. Tá na bailte agus na cathracha seo cáilithe don dara céim den phróiseas, agus beidh orthu tairiscint chuimsitheach a ullmhú agus a chur faoi bhráid na Roinne Iompair.Déanfar na tairiscintí a ullmhaíodh do chéim a dó a mheas, agus fógrófar na bailte agus na cathracha ar éirigh leo ina dhiaidh sin. |