Gaeilge | English |   
Inrochtaineacht | Beartas Príobháideachais | Séanadh | Mapa Láithreáin |   

Comhairle Baile Chathair na Mart

Fáilte chuig suíomh idirlín Chomhairle Baile Chathair na Mart, áit a mbeidh tú in ann teacht ar eolas faoi Chomhairle Baile Chathair na Mart, na Comhairleoirí agus faoina cuid seirbhísí agus foilseachán.

Is é Cathair na Mart an tríú baile is mó i Maigh Eo le pobal uirbeach de 5,140 (Daonáireamh 2006). Is baile álainn é Cathair na Mart a bhfuil an-tóir ag turasóirí air, agus atá ainmnithe mar Bhaile Oidhreachta. Is iomaí gradam atá bronnta ar Chathair na Mart i gComórtais Timpeallachta agus Oidhreachta, agus tá Comórtas na mBailte Slachtmhara buaite aige in 2001, 2006 agus 2008.  Tá Cathair na Mart suite ag deireadh an bhealaigh náisiúnta an N5, rud a chiallaíonn gur ceann scríbe é seachas áit a stopfar ar an mbealach go áit éigin eile.  Breathnaigh freisin ar Heritage Island agus Destination Westport.

 Is é an Comhairleoir Christy Hyland Cathaoirleach reatha na Comhairle, agus beidh sé ann ó mhí Iúil 2011 - Iúil 2012.

 


Déan teamgháil linn:

Sráid Altamont
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo
(Bóthar Bhaile an Róba, os comhair an stáisiúin traenach)

Teileafón: (098) 50400
R-phost : westporttc@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:00r.n - 1:00i.n. agus 2:00i.n. - 5:00i.n. Gliogáil ar an nasc a leanas chun léarscáil a fheiceáil.

Oifig Ceantair Chathair na Mart ar Léarscáil Google

Cathair na Mart ar an ngearrliosta do chomórtas na Limistéar Taistil Chliste

(Nuacht is Déanaí)

D’fhógair an Oifig Náisiúnta Taistil Inbhuanaithe torthaí chéim a haon de chomórtas na Limistéar Taistil Chliste i mí na Nollag 2009. Bhí Cathair na Mart i measc an 11 baile ar an ngearrliosta, a bhfaighidh síolmhaoiniú anois i gcomhair chéim a dó den chomórtas. Ríomhphost: smartertravelwestport@mayococo.ie Suíomh gréasáin: www.westportsmartertravel.ie

Read more »


Westport logo.
 
Entente Florale logo.
 
Chamber of Commerce Logo.
 
Westport Smarter Travel Logo.